Mionsonraí an Agallaimh | Fad | Éist |
Eolas cruinn ar leigheaseanna agus luibheanna agus cuid acu atá pisreogach go leor.
Úsáideadh luibheanna níos mó ná bhí daoine ag obair an talamh níos mó in san am agus bhí daoine i bhfad níos eolaigh ar luibheanna. Ina chuideachta sin, ní raibh leathchoráin ag mórán leis an dochtúir a dhíol. Insíonn sí leigheasanna do:
Bruicíneach (measles), plucamas (mumps), triuch (whooping cough), deilgneach (chicken pox), sceadamán nimhneach (sore throats), faithní (warts).
Faithní (warts): scéalta beaga faoi leigheas na warts – cuid acu pisreogach
Lomairt leapa (bed sore): leigheas eile nuair a bhaintí turtóg agus chuirtí faoin leaba é.
Gága ar na lámha: bhí leigheas ann ligh an mhadaidh. | 00:13:13 | |
Daoine a raibh leigheas acu:
“an 7ú mac den 7ú mac”.
“Tachrán rugtha i ndiaidh bás a athar, leigheas don “foul mouth”.
“Mc Cahill’s blood” do deir (shingles (ní raibh seo ach ag na fir sna clainn seo)).
Tharla breith clainne sa bhaile i gcónaí, is iomaí uair nach raibh bean cabhrach fiú le fáil agus chaitheadh comharsa cuidiú a thabhairt.
Go minic níor ghéill sagairt go bhféadfadh gnáth dhuine míorúilt a bheith acu. Go minic chaitheadh siad geilleadh go raibh sé fíor. | 00:05:35 | |
Leigheas eile do faithní: Muiceoil a chur air thar oíche.
Taom titimis (epileptic fit), leigheas a bhí ar sin ná rud ar bith nach dtiocfaidh a chuntas a chaitheadh thar an duine sin (cosúil le gaineamh, siúcra, rís, araile)
Báchrán leis an fhuil a choinneáil glan. | 00:02:58 | |